CairdeScoileCaillte

LOGÁIL ISTEACH CLÁRAIGH AIMSIGH SCOIL AR FUD AN DOMHAN Go to English Language version

Daoine ar Iarraidh


Ní dócha gur eólas foirleathan imeasc an phobail é an méid daoine atá ar iarraidh agus ná'r fritheadh tásc ná tuairisc orthu go dtí seo.

'Seo é an fáth go bhfuil www.cairdescoilecaillte.ie ag tacú leis na h-eagraíochtaí carthannachta atá ag obair ar shon daoine atá ar iarraidh agus a muintir. Tá cosúlachtaí áirithe idir na h-aidhmeanna atá againn araon, bíodh agus bhfuil i bhfad níos mó impleachtaí ag baint le daoine ar iarraidh. Táimíd ar fad ag iarraidh daoine a thabhairt le chéile. Má éiríonn linn rud beag ar bith a dhéanamh a chuideóigh chun fiú agus duine amháin a thabhairt slán, is fiú sin a dhéanamh.

Ó's rud é gur suíomh idirlín saor-in-aisce é www.cáirdescoilecaillte.ie, is trí nascanna a thairiscint an bealach gur féidir linn tacaíocht a thabhairt. De bhárr an árdú mór atá ag teacht ar líon ár mbaill, áfach, bheadh muid ag tnúth go mbeadh duine nó daoine in ár measc a bheadh inann cabhrú ar bhealach éigin. Iarraim oraibh ar fad, mar sin, an nasc chuig www.missing.ws d'aimsiú agus beagán ama a chaitheadh ag féachaint ar an suíomh an-thábhachtach seo, agus b'fhéidir go mbeadh tú inann cabhrú i gcás duine éigin atá ar iarraidh. Bhunaidh an t-Athair Aquinas ÓDubhthaigh www.missing.ws sa mbliain 2000, taréis do dhuine dá ghaolta dul ar iarraidh. Cuireadh sonraí faoi dhuine eile suas and bhliain d'ár gcionn ach, go mí-ádhmharach, tháinig a mhuintir ar chorp básaithe an duine sin níos deireannaí. Cuireadh feachtas ar siúl go gairid i ndiadh na tubaiste sin chun áiseanna níos fearr a sholáthrú do ghaolta le daoine atá ar iarraidh. Cuireadh líne cabhrach theórantach ar fáil, le córas fógraíochta beó. I ndiadh feachtaisí fada agus a lán agallaimh trí na meáin chumarsáide, socraiodh suas líne cabhrach, le cúnamh an Stáit, do theaghlaigh a bhfuil daoine leó ar iarraidh. Bunaíodh Comhaltas Dhaoine Ar Iarraidh i 2002 chun grúpaí éagsúla a thabhairt le chéile a bheadh cabhrú le cuardach daoine ar iarraidh agus, freisin, chun áird níos mó a tharaingt ar an gcrua-cheist seo. Chomh maith leis sin, tá an t-eagras seo sásta cómhairle agus cúnamh a thabhairt do theaghlaigh ar aon bhealach gur féidir leó sin a dhéanamh. Oibrithe deónacha 'sea na baill uilig. Tá seirbhís fógraíochta 24-uaire acu chun cabhair a thabhairt i gcásanna daoine ar iarraidh (087-9609885). Tá stádas cumann carthanachta ag an gComhaltas. Línte Cabhrach 'Sé an t-eagraíocht Victim Support atá i bhfeidhil an Líne Cabhrach Náisiúnta do Dhaoine ar Iarraidh, le urraíocht o'n Roinn Dlí agus Cirt. Is féidir leat glaoch orthu má tá duine gaoil leat ar iarraidh. Tugann siad cabhair go rúnda agus saor-in-aisce do ghaolta agus do cháirde le daoine atá ar iarraidh, chomh maith le aon eólas fiúntach a bheadh ar fáil sa tír seo nó thar lear. Tá an líne cabhrach seo ar oscailt idir 10 r.n. agus 4 i.n. ó Luan go h-Aoine ar chostas ghlaoch áitiúil ar fud na sé chondae fichead. Tá suíomh idirlín ar fheabhas ag an nGárda Síochána, freisin, in a bhfuil rannóg faoi dhaoine atá ar iarraidh. Is féidir eólas faoi an duine atá ar iarraidh, agus atá ar liosta an Ghárda Síochána, a thabhairt do na Gárdaí ar a líne rúnda siúd, 1800 666111. Fírinní agus Stáitisticí Tá sé tábhachtach cuimhniú go bhfuil sé mar cheart dhlíthiúil ag duine atá ó's cionn 18 mbliana d'aois dul ar iarraidh, má's mian leis, nó léithe é sin a dhéanamh. Go deomhin, cé gur deacair é 'thuiscint, ní theastaíonn ó chuid acu seo go n-aimseófaí iad chor ar bith. Ach sé'n taobh eile de'n scéal go dteastaíonn go práinneach ó' na muintir cinntiú go bhfuil siad slán. Tugann an méid sin féin an-shólás dóibh. Do réir Tuarascáil Bhliantúil and Ghárda Síochána do'n bhliain 2002, a foillsíodh le gairid, tugadh tuairiscí faoi 2,337 daoine ar iarraidh agus a bhí cláraithe mar chásanna "inghlactha". Bhí 74 acu sin fós ar iarraidh faoi dheire na bliana sin. B'shin árdú de 10% ar an uimhir daoine ar iarraidh i n-imeacht bliana. Bhí 446 cásanna eile a cláraiodh mar chásanna "neamh-inghlactha" do'n bhliain chéanna (b'shin laghdú de 37% ar na cásanna seo ó 2001). Úsáidtear na téarmaí "inghlactha" agus "neamh-inghlactha" chun idirdhealú a dhéanamh ar dhá chineál cás maidir le daoine ar iarraidh. Baineann an téarma "inghlactha" le (a) daoine faoi 18 mbliana d'aois, (b) daoine aosta, (c) daoine le mí-chumas coirp nó intinne agus (d) cásanna ina mbeadh contúirt ann - go fisiciúil nó go mórálta - do'n té atá ar iarraidh, mar gheall ar an gcaoi ar imigh sé/sí. Tá an tuarascáil le fáil ar shuíomh idirlín an Ghárda Síochána (Rannóg Foillseachán). Tá an t-eólas faoi dhaoine ar iarraidh i rannóg na stáitisticí, leathanaigh 138-139. Dóibh Siúd Atá Ar Iarraidh Is do-chreidtigh an mothú éidreórach, sáraitheach, an t-olc agus an t-éadóchas a bhíonn dá fhulaingt acu siúd a bhfuil duine dá gcuid ar iarraidh. Teastaíonn uatha, thar aon rud eile, fáil amach céard a thárla dó nó di. Má's duine diaganta atá i gceist, cuireann crua-chás mar seo an-bhrú ar an muinín as an gcreideamh. Caithfimíd ar fad tarraingt le chéile agus, mar sin, ní foláir dúinn uilig a bheith sa'n áirdeal orthu siúd atá ar iarraidh agus a bhfuil a muintir buartha fúthu. Má's duine tú atá "ar iarraidh" as an mbaile, cuir glaoch ar do mhuintir, le'd thoil, sin nó déan teangmháil le ceann de na h-eagraisí atá ag breathnú amach do dhaoine mar tú féin. Is leór go mbeidh 'fhios acu seo a bhfuil imní orthu fút go bhfuil tú slán, sábháilte.

Aoife

Líne Cabhrach Náisiúnta do Dhaoine Ar Iarraidh: 1850 442 552




Daoine ar Iarraidh

Tacaíonn cáirdescoilecaillte.ie le h-eagraíochtaí a dhéanann cúram do dhaoine atá ar iarraidh, mar chumainn carthanachta aitheanta. Cliceáil anseo, le d'thoil, chun tuille eólais d'fháil.


Daoine ar Iarraidh

Tacaíonn cáirdescoilecaillte.ie le h-eagraíochtaí a dhéanann cúram do dhaoine atá ar iarraidh, mar chumainn carthanachta aitheanta. Cliceáil anseo, le d'thoil, chun tuille eólais d'fháil.