CairdeScoileCaillte

LOGÁIL ISTEACH CLÁRAIGH AIMSIGH SCOIL AR FUD AN DOMHAN Go to English Language version Ceisteanna a chuirtear go minic


Cad ina thaobh bhfuil mo sheoladh ríomhphoist ag teastáil uait?
Ionas go mbeidh cairde scoile ábalta teagmháil a dhéanamh leat. Ní chuirimid do sheoladh riomhphoist ar fáil. Seoltar na chéad riomhphostanna tríd ár gcóras féin. Má theastaíonn uait teagmháil díreach a dhéanamh le do chara scoile, cuirfi do sheoladh riomhphoist ar fail dóibh.

An féidir liom an seoladh ríomhphoist céanna a úsáid do bhaill difriúla?
Ní féidir - caithfear seoladh riomhphoist ar leith a bheith ag gach aon duine atá á úsáid. Muna bhfuil seoladh riomhphoist agat, is féidir seoladh a fháil saor in aisce ó http://www.hotmail.com.


Do scoileanna.

Cad ina thaobh nach féidir liom mo scoil a aimsiú?
Soláthair gach aon chuid d'ainm do scoile, más féidir, chomh maith leis an saghas (bunscoil, meánscoil, coláiste) agus contae. B'fhéidir gur dúnadh an scoil, gur athraíodh ainm na scoile, nó gur tharla chomh-cheangal le scoil eile. Muna bhfuil tú ábalta do scoil a aimsiú, cuir sonraí na scoile ar fáil dúinn, led' thoil, trí chnap a bhrú ar href="mailto:ie@lostschoolfriends.ie">ie@lostschoolfriends.ie. Cuirfimid isteach ainm do scoile nuair a bheidh cinnteacht déanta faoi. Tógann sé cúig lá sula mbeidh do scoil le feiscint.

Cad ina thaobh gur mise an t-aon iontráil do mo scoil agus/nó an bhlian a d'fhágas?
Tá an suíomh fós nua agus tógfaidh sé tamall na huimhreacha dos na blianta difriúla sna scoileanna ar fad, a ardú. Cuir do chuid sonraí isteach led' thoil - ní bheidh sé ach tamall sula gcláróidh duine a bhfuil aithne agat air /uirthi. Más é do rogha glacadh le riomhphostanna (i do chuid sonraí), cuirfimid tú ar an eolas nuair a chláróidh duine eile ag do scoil.

An féidir liom m'ainm a chlárú maidir le níos mó ná scoil amháin?
Sea - is féidir d'ainm a chlárú maidir le haon scoil a d'fhreastail tú. Ní gá ach suíomh na scoile a aimsiú agus do shonraí a líonadh isteach.


Ceisteanna eile.

Conas an féidir liom teachtaireacht a sheoladh chuig cara?
Cliceáil ar an tsamhail in aice ainm do chara, beidh tú ábalta ansin do chuid focal féin a chur leis an teachtaireacht a sheoltar tríd ár gcóras, agus cuirfear do sheoladh riomhphoist san áireamh ionas go mbeidh do chara ábalta freagra díreach a thabhairt. Tá ballraíocht iomlán riachtanach chun leas a bhaint as an tseirbhís - más gá, cuirfear an leathanach 'upgrade' ar fáil duit ionas go mbeidh tú ábalta clárú.

An gcosnaíonn sé aon rud?
Tá gnáthbhallraíocht saor in aisce faoi láthair, agus ligeann sé duit do shonraí pearsanta agus scoile a chur isteach, agus ligeann sé duit teacht ar pháirteanna áirithe eile den suíomh. Chun teagmháil a dhéanamh le cairde scoile eile, cuir isteach teachtaireachtaí srl, tá ballraíocht iomlán - a chosnaíonn, faoi láthair, 5 Euro sa bhlian - riachtanach.